Seachtain na Gaeilge

Bhí Seachtain na Gaeilge ar siúl timpeall na scoile idir an dara lá déag agus an séu lá déag de Mhárta.  Bhí go leor imeachtaí ar siúl timpeall na scoile.  Ina measc bhí Tomhas na Maidine (Mrs Ruddle’s Riddles), gach maidin déanta ag Mrs Ruddle. Thosaigh Ms Nic Enrí agus Ms Conway an lá scoile le Tionól na Gaeilge gach maidin, bhí na paidreacha againn as Gaeilge, chomh maith le ceol álainn ó roinnt dáltaí.  Bhí Megan Callan an bosca ceoil agus Emily Cox agus Sandrina Magliocco ag seinm an ar bhfeadóg stáin.  Chan Jessica Vallaley amhrán álainn dúinn as Gaeilge Dé Cheadaoin.

D’éagraigh daltaí ón Idirbhliain bac-chúrsa le Ms Hamill ar an bpáirc haca Dé Cheadaoin.  Cuireadh tráth na gceist ar siúl do ghach bliain agus bhí Bingo i nGaeilge ag an gCéad Bhliain.  Rinne daltaí ón gCúigiú Bliain ‘flash céilí’ sa halla staidéar Dé Mháirt.  Bhí comórtas ealáine a eagraitheag Ms Christmas búnaithe ar seanfhocal.  Bhí an tseachtain ar fad ar fheabhas agus bhain gach duine an-sult as na himeachtaí go léir.

Is linne í an teanga, labhraimís í!

Cuimhnigí ar an seanfhocal:Tir gan teanga, tír gan anam!

Share This Article